Cad ba chóir dom a chaitheamh?
Ní gá ach na bróga a bhaint le linn sheisiún Amatsu. Bogfar na lámha agus na cosa le linn an tseisiúin, mar sin is fearr éadaí compordacha, e.g. brístí spóirt agus t-léine/geansaí, a chaitheamh. Ní mholtar brístí géine, sciortaí, riteoga nó brístí gearra a chaitheamh ar mhaithe le compord agus le héifeachtúlacht na cóireála.
Táillí & íocaíocht
Tá costas €70 ar gach seisiún agus maireann seisiún uair an chloig.
Tá tréimhse agus costas laghdaithe ar sheisiúin do naíonáin agus do pháistí óga.
*Má chuireann an cliant coinne ar ceal gan fógra 72 uair an chloig, beidh táille chealúcháin i gceist.
Cealúcháin/leasuithe ar choinní
Is gá coinní a leasú nó a chur ar ceal 72 uair an chloig roimh ré chun táille chealúcháin a sheachaint.
Gearrfar táille chealúcháin €20 ar choinní leasaithe agus ar choinní a cuirtear ar ceal níos lú ná 72 uair an chloig roimh ré.
Cé chomh fada a mhairfidh an seisiún?
Ní mór do chliaint nua foirm toilithe a líonadh isteach i dtús an chéad seisiúin. Maireann gach seisiún 45-60 nóiméad. Bíonn seisiúin le naíonáin agus páistí óga níos giorra. Tá sé riachtanach tuismitheoir/caomhnóir a bheith i láthair do gach seisiún le páistí faoi bhun 18 mbliana d’aois.
Cé mhéad seisiún a bheidh ag teastáil?
Braitheann sé seo go mór ar gach cliaint, ar an ngearán agus ar bhunchúis an ghearáin. Go ginearálta, dá fhad a bhíonn an duine ag fulaingt leis an ngearán is mó seisiún a bheidh de dhíth. Fiú má mholtar sraith seisiún, ba chóir go mothódh an cliant faoiseamh éigin i ndiaidh an chéad chúpla seisiún.
Frithtásca
Níor chóir coinne a dhéanamh má tá víreas nó fiabhras ort, fan go dtí go bhfuil na siomptóim maolaithe. Tá réamhcheadú ó GP an chliaint de dhíth i gcomhair riochtaí sláinte faoi leith. Bí cinnte aon riochtaí sláinte atá ort a lua agus coinne Amatsu á shocrú agat.
Beartas Teanga
Tá gach seirbhís de chuid Amatsu Therapy Clondalkin ar fáil trí mheán na Gaeilge agus trí mheán an Bhéarla. Déanfar gach cumarsáid leat i do rogha teanga. Beartas teanga ar fáil anseo.